Slugger O'Toole

Conversation, politics and stray insights

Sinn Féin ag cailleadh féinmhuiníne?

Wed 16 April 2008, 5:18pm

De bhrí gur gné bhunúsach den Chomhaontú Feirsteach cé gur tháinig an DUP agus Sinn Féin ar chomhréiteach maidir lena chuid prionsabail polaitíochta, b’fhéidir is beag an t-iontas nach bhfuil an féinmhuinín an beirt araon chomh láidir na bhí sé nuair a bhí siad an cuid is mo den freasúra neamhoifigiúil do gach eile! Thart ar Bheo, scriobhann Robert McMillan:

“Ó bhí na stailceanna ocrais ann i 1981, chonaic muid an páirtí ag fás as cuimse, a bhuíochas d’obairt na ndaoine a fuair bás go doilíosach 27 bliain ó shin agus straitéis chliste a oibríodh amach taobh amuigh agus taobh istigh de charcair an tuaiscirt.” Ach anois: “Le tamall anuas, tá an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil an fhéinmhuinín a bhí ag Sinn Féin caillte i gcathair ghríobháin Stormont.”

Ma tá sin fíor, cad a tharla idir an dá linn?

Tags:
Share 'Sinn Féin ag cailleadh féinmhuiníne?' on Delicious Share 'Sinn Féin ag cailleadh féinmhuiníne?' on Digg Share 'Sinn Féin ag cailleadh féinmhuiníne?' on Facebook Share 'Sinn Féin ag cailleadh féinmhuiníne?' on Google+ Share 'Sinn Féin ag cailleadh féinmhuiníne?' on LinkedIn Share 'Sinn Féin ag cailleadh féinmhuiníne?' on Pinterest Share 'Sinn Féin ag cailleadh féinmhuiníne?' on reddit Share 'Sinn Féin ag cailleadh féinmhuiníne?' on StumbleUpon Share 'Sinn Féin ag cailleadh féinmhuiníne?' on Twitter Share 'Sinn Féin ag cailleadh féinmhuiníne?' on Add to Bookmarks Share 'Sinn Féin ag cailleadh féinmhuiníne?' on Email Share 'Sinn Féin ag cailleadh féinmhuiníne?' on Print Friendly

Comments (9)

  1. gaelgannaire says:

    Silim gur ceist ro-mhór í seo. Is léir gur tharla cuid mhór idir 1982 agus an lá atá inniu ann.

    SF? hmmm, ar buaileadh iad? ar dhíol siad amach? ar shúdh isteach sa corás iad? An bhfuil siad ar a mbealach chuig lá an bhua?

    Ar éirigh siad as le fanacht ar níos mó linbh náisiúnacha?

    Mar a dúirt Mao Tse Tung tráth, ‘tá sé ro-luath a rá’.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  2. Wilde Rover says:

    Gaelgannaire,

    Cheap me gur Zhou Enlai a duirt e sin.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  3. RG Cuan says:

    Zhou Enlai a bhí ann ach sílim go bhfuil an ceart ag GGN gur iomaí rud a tharla idir an dá linn agus is deacair meár a leagan ar aon rud faoi leith.

    Má tá féinmhúinín á cailliúint ag SF is dócha go mbaineann sé leo féin bheith go hiomlán i mbun polaitíochta – tá sé i bhfad níos deacra an pobal a ghríosadh nuair atá tú istigh sa rialtas ná mar atá sé nuair atá tú ar an taobh amuigh.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  4. gaelgannaire says:

    Bhál, seasann mo phointe go fóill silim. Is cuma más Mao nó Zhou a dúirt é.

    Ceist : Cá bhfios do McMillen má tá SF ag cailleadh misnigh?

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  5. RG Cuan says:

    Is dócha gur féidir le gach duine a bharúil féin a nochtú agus, más sin an rud ar léir dó, scríobhann sé faoi.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  6. oga Prodie says:

    Any chance of an English translation for these
    articles Mick ?

    to aid the budding scholars among us ?

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  7. Tomaltach says:

    Sílim go bhfuil an ceart ag RG Cuan. Is bocht agus is leadránach an obair í, rialtas a stiúradh agus polasaithe a chur i bhfeidm i gcomparáid le cainteanna móra agus ócáidí dramatúla. Agus tá sé níos crua agus níos deacra fís a chomhlíonadh ná mar atá sé fís a dhíol. Agus rud beag eile dár ndóigh, cé go ndeachaigh SF chun cinn sa tuaisceart, baineadh siar astu san olltoghchán sa deisceart. Buile mór é seo d’aon pháirtí go bhfuil sé mar aidhm acu an tír a aontú!

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  8. gaelgannaire says:

    oga Prodie,

    If you follow the link you will find that the text is very learner centred and much of the terminology is translated.

    A Thomhltaigh,

    Silim go bhfuil an cheart agat nuair a deir tú gur baineadh siar as SF sa deisceart ar na mallaibh ach na deánaimis dearmad go ndeachaigh SF in airde sa toghchán cé gur cailleadh suíochán.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  9. Gato says:

    Pe rud, ni fhuair aon de na scailceoiri ocrais bas ar son reiteach a fhag an railtas Bhreataine in Eirinn. Cad e ata poblachtanas anois?

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0

Leave a Reply

You must be logged in to post a comment.

Copyright © 2003 - 2012 Slugger O'Toole Ltd. All rights reserved.
Powered by WordPress; produced by Puffbox.
39 queries. 0.372 seconds.