Slugger O'Toole

Conversation, politics and stray insights

Lá nua eile do Lá Nua…

Fri 22 February 2008, 4:49pm

Bhi thuarascáil ar nuacht TG4 cupla lae ó shin go raibh suim mór ag an Irish News chun nuachtán laethúil a fhoilsiú ina áit Lá Nua da theipeadh an teideal sin ar a chonradh. Ach ar an príomh leathnach inniu tagainn an nuacht go mbeadh an todhchaí Lá Nua slán. Abair Máirtín Ó Muilleoir:

Is vóta muiníne é i Lá Nua an t-infheistiú nua ó na scarshealbhóirí, ina measc Grúpa Meán Bhéal Feirste, agus i gcomhar lenár bplean le costais a laghdú agus teacht isteach airgeadais a mhéadú cuireann sé deis nua ar fáil don nuachtán.

Tags:
Share 'Lá nua eile do Lá Nua…' on Delicious Share 'Lá nua eile do Lá Nua…' on Digg Share 'Lá nua eile do Lá Nua…' on Facebook Share 'Lá nua eile do Lá Nua…' on Google+ Share 'Lá nua eile do Lá Nua…' on LinkedIn Share 'Lá nua eile do Lá Nua…' on Pinterest Share 'Lá nua eile do Lá Nua…' on reddit Share 'Lá nua eile do Lá Nua…' on StumbleUpon Share 'Lá nua eile do Lá Nua…' on Twitter Share 'Lá nua eile do Lá Nua…' on Add to Bookmarks Share 'Lá nua eile do Lá Nua…' on Email Share 'Lá nua eile do Lá Nua…' on Print Friendly

Comments (12)

  1. gaelgannaire says:

    Caithfidh Lá foghlaim as an rud seo uilig go léir, as na rudaí atá ar na blagannaí, as na rudaí a dúradh ar an raidió.

    Tá athraithe de dhíth.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  2. Beidh ar an Irish News fánacht go ceann tamaill eile chun leimpt in uaigh Lá Nua!

    Cad é an costas a bheadh ar thogra an Irish News ar aon nós? Bhí iarratas istigh ag an bhForas acu i 2002 le h-aghaidh iatan 16 seachtainiúil – an costas ar feadh bliana £500,000. De reir sin bheadh ar an Irish News £2.5m in aghaidh na bliana a fháil chun tairge chomh maith le Lá Nua a fhoilsiú – sé sin 16 leathnach in aghaidh an lae, Luan go hAoine.

    Agus ansin bheadh an deacracht ag an Irish News, conas an tairge a dháíleadh i gCúige Mumhan, áit nach bhfuil teacht i lathair ag an Irish News.

    An bhfuil sé réadúil a cheapadh go mbeadh an irish news abalta nuachtán uile Eireannda a chur ar fáil, chomh maith nó níos fearr ná Lá Nua, mar a rinne, gabh mo phardún, mar atá agus mar a bheidh á dhéanamh ag Lá Nua?

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  3. Séamus - Béal Feirste says:

    Buíochas mór le Dia agus a mhaighdean Mhuire. Gan aon chabhair ón rialtas arís, is céim mór chun chinn é seo. Taispeánann sé go mairfaidh an teanga Gaeilge le, nó, gan aon chabhair ó Phoots agus a leithéid.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  4. Ar ndóigh caithfidh Lá Nua foghlaim ón eachtra seo. Is iomaí ceacht atá foghlamtha ag Lá/Lá Nua, nó bunaíodh é i 1984 agus ní bheadh sé beo inniu ach gur fhoghlaim sé ceachtanna i rith an ama sin.

    Is é Lá/Lá Nua an nuachtán Ghaeilge is faide ar an saol agus atá fós ag foilsiú. Mura dteastaíonn uainn go dtitfeadh sé, mar ar thit gach nuachtán Ghaeilge roimhe, Inniu, Amarach, An tÉireannach, beidh ar leitheoirí agus eile tacaíocht a léiriú. Má théimíd go siopa ag lorg Lá Nua agus nach bhfuil sé ann, fiafraigh den freastalai cá bhfuil sé agus cén fath nach bhfuil an t-aon nuachtán laethúil Ghaeilge sa tír ar fáíl ina siopa?

    Seo treimhse na cinniúna do Lá Nua, gan amhras, agus tá dúshlán roimh Lá Nua agus lucht tacaiochta an nuachtáín é a thabhairt slán….

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  5. Seimi says:

    Seo dea-scéal cinnte, agus mar atá thuas-ráite, cruthaíonn seo gur feidir forbairt a dhéanamh ar an teanga gan cuidiú nó bac ó polaiteoirí diúltacha.
    Mhar Lá Nua gan tacaíocht ar bith, ach ó na léitheoirí, ar feadh na blianta, agus tá súil agam go mairfeas as seo amach.
    Ar pointe eile – an bhfuil cead agam an chéad gearán a dhéanamh faoin Ghaeilge?
    Cad chuige an bhfuil cead blag sa teanga seo a chur ar an suíomh!? Teanga marbh, ó thír eile! Ní thuigim focal! Cur stad le seo anois! :)
    Tá ‘s agaibh go bhfuil sé ag teacht! Beir bua :)

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  6. gaelgannaire says:

    Bhál,

    Seo an scéal is deireanaí

    http://apublishersblog.blogspot.com/2008/02/l-nua-future-securedtodhcha-l-nua-sln.html

    Silim go gcaithfidh Lá a chur in iúl do dhaoine go bhfuil na sciarshealbhóirí eile seo ann. Sileann duine gur le BMG Lá amach is amach.

    Go n-éirí le CÓL.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  7. RG Cuan says:

    Dea-scéal do phobal na Gaeilge trí chéile.

    Tá mé cinnte go mbeidh Lá Nua in ann foghlaim, ní hamháin ó thaobh na bainistíochta de ach maidir leis an nuachtán féin. Seans go mbeidh duine i mBÁC de dhíth orthu mar shampla leis an íomhá uile-oileánda a athchruthú.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  8. gaelgannaire says:

    RG Cuan,

    Aontaím agus silim go gcaithfidh Lá nua guth is ardán a thoirt do níos mó daoine chomh maith, polaiteoirí, blagadóirí, mic léinn agus srl.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  9. gaelgannaire says:

    Agus rud éigin eile.

    Gabh ar ais go Lá! Cuireann ‘Lá Nua’ Antaine Blárach i gcuimhne dom.

    Ní maith liom an stíl tablóideach ach an oiread, is iad Le Monde, El Pais, La Reppublica agus srl. ab chóir Lá coipeáil astu.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  10. Ní doigh liom gur fiú bheith ag athrú an ainm ar ais – agus sílim má tá an stíl tablóideach ag Lá Nua, níl an eitic tablóideach ag an nuachtán. Mar sin féin, tuigim nár aon droch shamplaí na cinn a luaigh tú thuas – ach b’fhearr liom féin Berria ná aon ceann acu. http://www.berria.com – nuachtán laethúil na Bascaise.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  11. RG Cuan says:

    Aontaím le hOilibhéar maidir leis an ainm – chuirfeadh athrú eile isteach ar an phobal léitheoireachta.

    Agus is maith liom an stíl Eorpach, nó tablóideach más mian leat. Sin an bealach a bhfuil na mórnuachtáin ag dul agus tá El País mar sin cheana féin.

    Is é an t-ábhar an rud is tábhachtaí.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  12. Cuairteoir says:

    Is iontach an scéal é seo – an Lá Nua abú!

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0

Leave a Reply

You must be logged in to post a comment.

Copyright © 2003 - 2012 Slugger O'Toole Ltd. All rights reserved.
Powered by WordPress; produced by Puffbox.
47 queries. 0.312 seconds.